Seo an dara cnuasach de scéalta a bhailigh Séumas MacManus i dTír Chonaill níos mó ná céad bliain ó shin. Murach gur chuir sé ar páipéar sa Bhéarla iad le haghaidh léitheoirí i Meiriceá, bheidis caillte anois orainn agus ba mhór an trua sin. Tháinig na scéalta anuas ó aois go haois agus ó ghlúin go glúin, agus bhí siad mar ghnáthchaitheamh aimsire ag sean is óg go dtí lár na fichiú haoise.
Deirtear linn go dtáinig siad go hEirinn le Clann Mileadh thart faoi thrí mhíle bliain ó shin, agus go bhfuil siad cosúil le scéalta atá á n-insint sa Tuirc agus na tíortha Arabacha go fóill. Anois tá siad ar fáil anseo sa teanga is dual dóibh.
Rugadh Séumas MacManus in aice le Tamhnach an Salainn, Co. Dhún na nGall in 1868 agus mhair sé go dtí 1960. Chuaigh sé leis an mhúinteoireacht in Inis Ceithleann agus ina bhaile féin. Thosaigh sé ag scríobh nuair a bhí sé ocht mbliana déag. Stad sé ag teagasc in 1893 agus chuaigh sé go Meiriceá. Bhí sé ina ollamh in Ollscoil Notre Dame ó 1904 go dtí 1934. Scríobh sé corradh le fiche leabhar scéalta, agus tá éileamh an-láidir orthu i gcónaí.
Rugadh agus tógadh Michel Mac Giolla Easbuic i nDachtán i gCill Chartha in iardheisceart Thír Chonaill. Ba mhúinteoir i paróiste Chill Chartha é ó 1961 go 1993, nuair a tugadh faoi deara go raibh ailse air. D’fhoilsigh Coiscéim a thiontú ar Páidi Dubh as Tír Chonaill le Séumas MacManus. Is é a aidhm oidhreacht na háite a bheith ar fáil do na glúine le teacht. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim oinigh air in 2005. Tá sé ina chónaí lena bhean Bernadette ar an Rualach i gCill Chartha.