Bia na h-Iodáile (Italian Night)

Price range: €30.00 through €300.00

Croí Isteach project banner

📅 Dé Domhnaigh, 26 Deireadh Fómhair 2025 — 7:30 i.n.
📍 Áislann Rann na Feirste

 

🍝 Oíche Iodáilis ag Áislann Rann na Feirste 🇮🇹

Tar amach agus bain sult as bia blasta Iodálach, déanta ag Finn Mac Aodhán, cócaire a reáchtáil bialann Iodálach (Corte dei Brut) ar feadh 11 bliana san Iodáil. Beidh ceol beo (i nGaeilge agus i mBéarla) agus beár iomlán.

🍽️ Eagraigh tábla d'ocht, seisear nó ceathrar; nó cuir ticéid in áirithe duit féin agus do chara chun tábla a roinnt le daoine eile.

🫶 Táimid ag bailiú airgid chun an tógra ‘Croí Isteach’ a thoiseacht. Is clár bricfeasta agus iarscoile é, ar son na bpáistí a fhreastalaíonn ar an scoil agus an réamhscoil i Rann na Feirste.

 

💸 Íocaíochtaí

ℹ️ Ceannaigh do thicéid go hiomlán, ceannaigh ticéad amháin chun do thábla a chlárú agus ansin déan teagmháil leis an oifig (fríd Facebook, Whatsappár nguthán) agus thig linn nasc íocacíochta a sheoladh chugat chun an bille a shocrú le do chairde.

‼️Má cheannaíonn tú ticéad aonair péire ticéad , beidh tú i do shuí in éineacht le daoine eile

🚌 Bus tointeála

Má tá síob de dhíth ort, tabhair do sheoladh dúinn ar an foirm thíos nó chuir glaoch ar an oifig.

 

🧍 Caithfidh go mbeidh an áirithint dearbhaithe roimh 5 i.n. ar 19 Deireadh Fomhair

🎫 Má tá níos móníos lú daoine i láthair sa deireadh, is féidir linn an difríocht i bpraghas na dticéad a chothromú ar an oíche. (i.e.; Tábla do sheisear a athrú go tábla do cheathrartábla d'ochtar).

Glan
Cuir isteach aon riachtanais bia speisialta atá agat, le do thoil.
Roghnaigh dó príomhchúrsa.
Sa dóigh go mbeidh deochanna ceart sa bhéar, inis dúinn caidé a ólann tú.
Má tá síob de dhíth ort tabhair do sheoladh dúinn ar an foirm seo.
Iomlán an táirge
Iomlán na roghanna
Iomlán deireannach

Biachlár

🥐 Antipasto (Céad chúrsa)

  • Bruschette Toscane al Pomodoro fresco con Basilico e olio d’oliva, e Bruschette alla Peperonata
    Arán tuaithe tósta Tuscánach réitithe le trátaí úra, basil agus ola olóige, agus le hanlann piobair milse stobhaithe i mbrút sicín.
    Toasted rustic bread Tuscan style dressed with fresh tomatoes, basil and olive oil, and with a sauce of sweet peppers stewed in chicken broth.

 

🍝 Primo Piatto (Príomhchúrsa)🥗

  • Lasagne Emiliane
    Lasáinne clasaiceach déanta le hanlann ragu mairteola, béchamel, parmasán agus mozzarella.
    Classic lasagne made with beef ragu’ sauce, bechamel, parmesan and mozzarella.
  • Lasagne Bianca Neve
    Lasáinne ‘Sneachta Bán’; rogha vegetarianach, cor ar an lasáinne clasaiceach: lasáinne déanta le cúirséidí, fíon bán, bechamel, parmasán agus mozzarella.
    ‘Snow White’ lasagne, a vegetarian option, a twist on the classic lasagne: lasagne made with courgettes, white wine, bechamel, parmesan and mozzarella.
  • Insalata Verde
    Sailéad glas úr Iodálach le anlann Iodálach.
    Fresh Green Italian salad served with Italian dressing

 

🍮 Dolce (Milseog) 🍰

  • Tiramisu’ alle fragole
    Tiramisu baile le sútha talún, seacláid bhán agus cnónna coill.
    Homemade Tiramisu’ with strawberries, white chocolate and hazelnut.

 

🍹 Beidh beár iomlán againn fosta.🍷