Club Folláine na bPáistí

From: 0.00

Tá Áislann Rann na Feirste ag iarraidh ‘Croí Isteach’ club bricfeasta ’s iarscoile a bhunú sa bhliain 2026. Sula dtosaímid ar an tionscadal níos mó seo, ba mhaith linn club iarscoile trí lá a thoiseacht agus cuirfidh sé seo ranganna ealaíon agus folláine ar fáil do pháistí áitiúla.

Sa tionscadal trí lá seo, ‘Club Folláine na bPáistí’, ba mhaith linn ár láidreachtaí (teanga, cultúr, na h-ealaíona, spóirt srl.) a úsáid chun tionscadal folláine a bhunú, ina chruthóidh taithí agus dearcaí dhearfacha do na páistí. Tá sé beartaithe againn torthaí folláine ár gcuid oibre a thomhas, agus tá súil againn cás láidir a dhéanamh chun maoiniú a mhealladh le haghaidh seirbhís leanúnach.

Tá maoiniú faighte againn ón Chrannchur Náisiúnta/HSE chomh maith le Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt do na chéad deich seachtaine den tionscadal seo, mar sin ní caithfidh tú taille a íoc, muna bhfuil tú ábalta. Sin ráite, tá sé mar aidhm againn an tionscadal a dhéanamh féinchothaitheach chomh maith le hairgead a bhailiú don seirbhís curam leanaí ‘Croí Isteach’. Dá bhrí sin, tá muid ag glacadh le síntiúis ar dtús le méideanna a léireoidh na táillí a bhéas ann tar éis an chéad phíolóta deich seachtaine. 

Beidh praghas molta le feiceáil nuair atá tu ag roghnú, bunaithe thart ar threoirlíne de €7 don pháiste don seisiún agus €20 don pháiste don tseachtain (thrí seisiún).

Fa chóinne fiosrúcháin agus ceisteanna, chuir glaoigh ar 0749562222.

(Tuismitheoirí: In ionad síntiús a thabhairt dúinn, b’fhéidir gur mhaith leat obair dheonach a dhéanamh chun cabhrú linn le maoirseacht ó am go chéile? Téigh i dteagmháil leis an oifig más spéis leat.)

Foirm chlárúcháin (riachtanach):

Glan